← An raibh gnó de mo chuid féin agam sa bhaile? 🔊✎
← Cad é an méid airgid a chaithfinn sa tír seo? 🔊✎
← Bhí an dá iarann déag sa tine aige i dtólamh, arsa seisean, mórchúis ina ghlór, ach bíodh thíos thuas, ar uair na cruóige, rinne seisean cinnte de go ndéantaí cibé obair a bhí le déanamh ar an sprioc. 🔊✎
← Ba mhór ab fhiú domh suim airgid a infheistiú láithreach sa chomhlacht déanta páipéir a raibh dlúthbhaint aige leis. 🔊✎
← Bheadh toradh fiúntach ar an infheistíocht seo gan aon dabht sa chruth go mbeadh ciste airgid fá mo choinne i gcónaí nuair a d'fhillfinn ar Neipeal. 🔊✎
← "Dá gcreidfeá ann," mar a deireadh na seanmhná sa bhaile fadó, "chuirfeadh sé cosa crainn faoi do chuid cearc." 🔊✎
← I rith an ama seo bhí Ang Wong Chuu agus Pemba ar a gcomhairle féin sa chisteanach, gach scairt cheoil acu féin agus ag bean an tí. 🔊✎
← Sa chluiche seo, gheall mé dó, bheadh an cúig deireanach agamsa. 🔊✎
← Shocraigh sé mo chathaoir san áit ba theolaí an teas. 🔊✎
← "Braitheann sin ort féin ach thabharfadh míle dollar seasamh maith duit sa ghnó. 🔊✎
← Chrom sé síos le séideog a chur sa tine. 🔊✎
← Fráinithe san fhuinneog, bhí ceathrú gealaí ag glinniúint i bhfuacht na spéire, í chomh faobhrach le béal corráin. 🔊✎